+Resilience Testing Program

Resilience Testing Program

Establish a risk-based digital operational resilience testing program encompassing identification, classification, and full remediation of test deficiencies based on risk landscape and criticality of assets and services. Utilize independent internal or external parties for conducting tests, ensuring clear Segregation of Duties (SoD). Conduct yearly tests on all systems and applications supporting critical or important functions (see controls 19-20 for the digital operational resilience tests). 

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 24 1

1.   Chun ullmhacht le haghaidh láimhseáil teagmhas a bhaineann le TFC a mheasúnú, chun laigí, easnaimh agus bearnaí san athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a shainaithint, agus chun bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme go pras, déanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh acu, clár fónta cuimsitheach tástála athléimneachta digití oibríochtúla a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú mar chuid bhunúsach de chreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6.

EULAW Airteagal 24 2

2.   Beidh raon measúnuithe, tástálacha, modheolaíochtaí, cleachtas agus uirlisí sa chlár tástála athléimneachta digití oibríochtúla a bheidh le feidhmiú i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26.

EULAW Airteagal 24 3

3.   Agus an clár tástála athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á dhéanamh acu, leanfaidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, cur chuige rioscabhunaithe agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh trí aird chuí a thabhairt ar thimpeallacht athraitheach riosca TFC, ar aon rioscaí sonracha ar a bhfuil an t-eintiteas airgeadais lena mbaineann neamhchosanta nó ar a bhféadfadh an t-eintiteas airgeadais lena mbaineann a bheith neamhchosanta, ar chriticiúlacht na sócmhainní faisnéise agus na seirbhísí a sholáthraítear, chomh maith le haon toisc eile a mheasann an t-eintiteas airgeadais a bheith iomchuí.

EULAW Airteagal 24 4

4.   Áiritheoidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, go dtabharfaidh páirtithe neamhspleácha faoi thástálacha, cibé acu an tástálacha inmheánacha nó seachtracha iad. I gcás ina ndéanfaidh tástálaí inmheánach tástálacha, cuirfidh na heintitis airgeadais dóthain acmhainní ar fáil agus áiritheoidh siad go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn chéim deartha agus chur i gcrích na tástála.

EULAW Airteagal 24 5

5.   Bunóidh eintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, nósanna imeachta agus beartais chun gach saincheist a nochtfar i rith fheidhmiú na dtástálacha a chur in ord tosaíochta, a aicmiú agus a réiteach agus bunóidh siad modheolaíochtaí bailíochtaithe inmheánacha chun a dhearbhú go rachfar i ngleic go hiomlán leis na laigí, na heasnaimh nó na bearnaí uile a shainaithnítear.

EULAW Airteagal 24 6

6.   Áiritheoidh na heintitis airgeadais, nach micrifhiontair iad, go ndéanfar tástálacha iomchuí ar chórais TFC agus ar fheidhmchláir TFC uile lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha uair sa bhliain ar a laghad.

EULAW Airteagal 25 1

1.   Forálfar leis an gclár tástála athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 24, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(2), maidir le tástálacha iomchuí a fheidhmiú, amhail measúnuithe leochaileachta agus scanadh leochaileachta, anailísí foinse oscailte, measúnuithe ar shlándáil gréasáin, anailísí ar bhearnaí, athbhreithnithe ar shlándáil fhisiciúil, ceistneoirí agus réitigh scanta bogearraí, athbhreithnithe ar chód foinseach i gcás inarb indéanta, tástálacha bunaithe ar chásanna insamhlaithe, tástáil comhoiriúnachta, tástáil feidhmíochta, tástáil ó cheann go ceann agus tástáil treáite.