+Airteagal 124 Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 124 1.
---+Airteagal 124 2.
---+Airteagal 124 3.
---+Airteagal 124 4.
---+Airteagal 124 5.
---+Airteagal 124 6.
---+Airteagal 124 7.
---+Airteagal 124 8.
---+Airteagal 124 9.
---+Airteagal 124 10.
---+Airteagal 124 11.
|
Airteagal 124 Cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 124 1.
|
Chun a fhreagrachtaí maoirseachta a chomhlíonadh faoi Airteagal 117 den Rialachán seo, féadfaidh ÚBE na cigireachtaí ar an láthair ar fad atá ag teastáil a dhéanamh ag áitreabh gnó ar bith de chuid na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha. Cuirfear an coláiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 119 ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le cur i gcrích a chúraimí.
|
|
Airteagal 124 2.
|
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚBE agus beidh acu na cumhachtaí go léir dá bhforáiltear in Airteagal 123(1). Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
|
|
Airteagal 124 3.
|
In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚBE fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚBE, tar éis an t-údarás inniúil sin a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré d’eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó d’eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
|
|
Airteagal 124 4.
|
Feidhmeoidh na hoifigigh, agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE cigireacht ar an láthair a dhéanamh, a gcumhachtaí tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132 sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
|
|
Airteagal 124 5.
|
Rachaidh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚBE. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 132, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 124 6.
|
Arna iarraidh sin do ÚBE, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚBE. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
|
|
Airteagal 124 7.
|
Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚBE a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 123(1) a dhéanamh thar a cheann.
|
|
Airteagal 124 8.
|
I gcás ina n-aimsíonn na hoifigigh agus daoine eile a bheidh á dtionlacan, a bheidh údaraithe ag ÚBE, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
|
|
Airteagal 124 9.
|
Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó chúirt de bhun an dlí náisiúnta, déanfaidh ÚBE iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 124 10.
|
I gcás ina bhfaighidh cúirt iarratas ar údarú le haghaidh cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 7, déanfaidh an chúirt sin an méid a fhíorú i dtaobh:
(a)
an bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ag ÚBE dá dtagraítear i mír 4 barántúil;
(b)
an bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.
|
|
Airteagal 124 11.
|
Chun críocha mhír 10, pointe (b), féadfaidh an chúirt a iarraidh ar ÚBE míniúcháin mhionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚBE chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an chúirt sin athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sí go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚBE a sholáthar di. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚBE faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|