1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín, agus beidh sé de cheart aige nó aici na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:
|
(a)
|
ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (d) d’Airteagal 5(1) nó de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(2) nó ar chonradh de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1); agus
|
|
(b)
|
ina ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.
|