+Airteagal 23 An ceart agóid a dhéanamh
---+Airteagal 23 1
---+Airteagal 23 2
---+Airteagal 23 3
---+Airteagal 23 4
|
Airteagal 23 An ceart agóid a dhéanamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1
|
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid ar leithligh féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis féin nó léi féin agus atá bunaithe ar phointe (a) d’Airteagal 5(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar an bhforáil sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh, ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, cearta agus saoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.
|
|
Airteagal 23 2
|
2. Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus ar leithligh ó aon fhaisnéis eile.
|
|
Airteagal 23 3
|
3. Gan dochar d’Airteagal 36 agus Airteagal 37, i gcomhthéacs úsáid sheirbhísí na sochaí faisnéise, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodh uathoibrithe trí shonraíocht theicniúil a úsáid.
|
|
Airteagal 23 4
|
4. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás inar gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|