+Airteagal 62 Maoirseacht chomhordaithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta
---+Airteagal 62 1
---+Airteagal 62 2
---+Airteagal 62 3
---+Airteagal 62 4
|
Airteagal 62 Maoirseacht chomhordaithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1
|
1. I gcás ina dtagraítear don Airteagal seo i ngníomh de chuid an Aontais, comhoibreoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh ar aon laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, go gníomhach faoi chuimsiú a gcuid freagrachtaí chun maoirseacht éifeachtach ar chórais TF mhórscála agus ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 62 2
|
2. Déanfaidh siad, de réir mar is gá, ag gníomhú dóibh araon laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach agus faoi chuimsiú a gcuid freagrachtaí, faisnéis ábhartha a mhalartú, cuidiú le chéile maidir le hiniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, deacrachtaí le léiriú nó cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ghníomhartha infheidhme eile an Aontais a scrúdú, staidéar a dhéanamh ar fhadhbanna maidir le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, tograí comhchuibhithe a tharraingt suas mar réitigh ar aon fhadhbanna den sórt sin agus feasacht a chur chun cinn maidir le cearta cosanta sonraí,.
|
|
Airteagal 62 3
|
3. Chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2, beidh cruinniú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar a laghad dhá uair sa bhliain faoi chuimsiú an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Chun na gcríoch sin, féadfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí modhanna oibre breise a fhorbairt de réir mar is gá.
|
|
Airteagal 62 4
|
4. Seolfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí comhthuarascáil maidir le maoirseacht gníomhaíochtaí chomhordaithe chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus chuig an gCoimisiún uair gach 2 bhliain.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|