+Airteagal 93 Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
---+Airteagal 93 1
---+Airteagal 93 2
---+Airteagal 93 3
---+Airteagal 93 4
---+Airteagal 93 5

Airteagal 93 Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 93 1

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dóchúil go mbeadh ardriosca ann dá bharr do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, cuirfidh an rialaitheoir in iúl don ábhar sonraí, gan mhoill mhíchuí, gur tharla an sárú sin.

Airteagal 93 2

2.   Nuair a chuirtear in iúl don ábhar sonraí gur tharla sárú, mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, tabharfar tuairisc i dteanga shoiléir shimplí ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta lena n-áireofar ar a laghad an fhaisnéis agus na moltaí dá bhforáiltear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 92(2).

Airteagal 93 3

3.   Ní bheidh gá an t-eolas sin a chur in iúl mar a thagraítear dó i mír 1 má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil bearta iomchuí cosanta, idir theicneolaíoch agus eagraíochtúil, curtha chun feidhme ag an rialaitheoir agus gur cuireadh na bearta sin i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta oibríochtúla a raibh tionchar ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta oibríochtúla orthu, go háirithe na bearta sin a fhágann nach mbeidh duine ar bith nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta in ann iad a thuiscint, amhail criptiú;

(b)

gur ghlac an rialaitheoir bearta ina dhiaidh sin lena n-áiritheofaí nach móide go dtarlódh an t-ardriosca do chearta ná do shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a thagraítear dó i mír 1 a thuilleadh;

(c)

go mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis. I gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.

Airteagal 93 4

4.   Más rud é nár chuir an rialaitheoir an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí fós, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tar éis breithniú a dhéanamh ar a dhóchúla atá sé go mbeadh ardriosca ann mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, a cheangal ar an rialaitheoir é a chur in iúl nó féadfaidh sé nó sí a chinneadh go bhfuil aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 á chomhlíonadh.

Airteagal 93 5

5.   Maidir le cur in iúl an tsáraithe don ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar moill a chur air, é a shrianadh nó é gan é a dhéanamh faoi réir na gcoinníollacha agus ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 79(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas