+Airteagal 94 1
|
Airteagal 94 1
1. Faoi réir na srianta agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha dlí lena mbunaítear an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais, féadfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a mhéid is gá aistriú den sórt sin chun cúraimí an rialaitheora a fheidhmiú agus ní dhéanfar é ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo, eadhon:
|
(a)
|
go bhfuil cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36(3) de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír nó críoch nó earnáil phróiseála laistigh den tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta;
|
|
(b)
|
in éagmais cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún faoi phointe (a), go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE, ar comhaontú é lena dtugtar coimircí leormhaithe i dtaobh príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint;
|
|
(c)
|
in éagmais cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún faoi phointe (a) nó comhaontaithe idirnáisiúnta faoi phointe (b), go bhfuil comhaontú comhair tugtha i gcrích lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta oibríochtúla roimh dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh dlí lena mbunaítear an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann, idir an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht sin de chuid an Aontais agus an tríú tír atá i gceist.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|