|
+Airteagal 72 Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite ---+Article 72 1. ---+Article 72 2. ---+Article 72 3. |
Airteagal 72 Sochair a fuarthas agus nach raibh dliteAirteagal 72 Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite 1. Má d’íoc institiúid Ballstáit sochair le duine nach raibh dlite dó, féadfaidh an institiúid sin, laistigh de na téarmaí agus de na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine lena mbaineann, an méid neamhdhlite a bhaint as riaráistí nó as íocaíochtaí leanúnacha a dhlitear don duine lena mbaineann, beag beann ar an mbrainse slándála shóisialta faoina n-íoctar an sochar. Bainfidh an institiúid sin an méid atá i gceist faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le córas frithchúitimh den sórt seo i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mba í féin a rinne an ró-íocaíocht, agus aistreoidh sí an méid a bhaintear chuig an institiúid a d’íoc na sochair neamhdhlite. 2. De mhaolú ar mhír 1, má d’íoc institiúid Ballstáit suim sochair mhíchuí le duine nuair a bhí sochair á ndámhachtain nó á n-athbhreithniú acu maidir le sochair easláine, pinsin seanaoise nó pinsin marthanóirí de bhua Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den bhun-Rialachán, féadfaidh sí iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as na sochair chomhfhreagracha a íoc leis an duine lena mbaineann go mbainfidh sí an méid a ró-íocadh as na riaráistí atá iníoctha leis an duine sin. Tar éis don institiúid sin an institiúid a d’íoc an tsuim mhíchuí a chur ar an eolas maidir leis riaráistí sin, fógróidh an institiúid a d’íoc an méid míchuí méid an mhéid mhíchuí, laistigh de dhá mhí. Má fhaigheann an institiúid atá chun na riaráistí a íoc an t-eolas faoin spriocdháta, aistreoidh sí an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na méideanna míchuí. Má théann an spriocdháta in éag, íocfaidh an institiúid sin na riaráistí, gan mhoill, leis an duine lena mbaineann. 3. Má fuair duine cúnamh leasa shóisialaigh i mBallstát amháin i rith tréimhse a raibh sé i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh an comhlacht a sholáthair an cúnamh, má tá teideal dlí aige na sochair atá dlite don duine sin a éileamh ar ais, a iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine sin, an méid cúnaimh a íocadh a bhaint as na méideanna a íocfaidh an Ballstát sin leis an duine sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le haon duine de theaghlach duine lena mbaineann a fuair cúnamh i gcríoch Ballstáit i rith tréimhse a raibh an duine árachaithe i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an duine sin den teaghlach. Institiúid Ballstáit a d’íoc méid míchuí cúnaimh, seolfaidh sí ráiteas faoin méid atá dlite d’institiúid an Bhallstáit eile, a bhainfidh an méid sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos don nós imeachta frithchúitimh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí an méid sin gan mhoill chuig an institiúid a d’íoc an méid míchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|