|
+Airteagal 73 Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí ---+Article 73 1. ---+Article 73 2. |
Airteagal 73 Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaíAirteagal 73 Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí 1. Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, trí mhí ar a dheireanaí tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte nó an institiúid atá freagrach as na sochair a íoc a bheith sainaitheanta, dréachtóidh an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach ráiteas maidir leis an méid a íocadh go sealadach agus seolfaidh sí é chuig an institiúid a aithnítear mar an institiúid inniúil. An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair a íoc, bainfidh sí an méid atá dlite i ndáil leis an íocaíocht shealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach. Más mó méid na sochar a íocadh go sealadach ná méid na riaráistí, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta frithchúitimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach. 2. An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go sealadach ó dhuine nádúrtha/dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d’íoc iad go dtí go bhfionnfaidh sí ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di faoi Airteagal 6(4) den bhun-Rialachán. Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, a dhéanfar trí mhí, ar a dhéanaí, tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte, aistreoidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí sealadacha na ranníocaíochtaí chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine nádúrtha agus/nó dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad. Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid a dhlíonn an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí sealadacha an méid a ró-íocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|