+Airteagal 3 Liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
---+Airteagal 3 7.
|
Airteagal 3 Liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Bunófar grúpaí réigiúnacha (Grúpaí) i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn III. Beidh comhaltas gach Grúpa bunaithe ar gach conaire agus réimse tosaíochta agus ar chumhdach geografach gach ceann acu sin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh cumhacht cinnteoireachta sna Grúpaí teoranta do na Ballstáit agus don Choimisiún (comhlacht cinnteoireachta), agus beidh sí bunaithe ar chomhthoil.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Déanfaidh gach Grúpa a chuid rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, ag féachaint do na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa liosta réigiúnach de thionscadail, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn III, le rannchuidiú gach tionscadail i dtaobh chur chun feidhme na gconairí agus na réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 ag na tionscadail sin. I gcás ina ndéanann Grúpa a liosta réigiúnach a tharraingt suas:
(a)
beidh ar gach togra aonair le haghaidh tionscadail formheas a fháil ó na Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena gcríoch; i gcás nach ndéanann Ballstát togra a fhormheas, cuirfidh sé a chuid cúiseanna réasúnaithe leis sin faoi bhráid an Ghrúpa lena mbaineann;
(b)
cuirfidh sé san áireamh an chomhairle ón gCoimisiún agus é mar aidhm leis sin líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn a bheith ar liosta an Aontais.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo chun liosta an Aontais a bhunú, faoi réir an dara mír d’Airteagal 172 CFAE. Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar liosta an Aontais a bhunú gach 2 bhliain ar bhonn na liostaí réigiúnacha a ghlacann comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí arna mbunú de bhun Roinn 1, pointe(1), d’Iarscríbhinn III, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á leanúint. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin seo faoin 30 Samhain 2023. Mura féidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun na míre seo teacht i bhfeidhm mar thoradh ar agóid arna cur in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 20(6), tionólfaidh an Coimisiún na Grúpaí láithreach chun liostaí réigiúnacha nua a tharraingt suas, agus na cúiseanna leis an agóid á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe nua lena mbunaítear liosta an Aontais a luaithe is féidir.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Agus liosta an Aontais á bhunú trí na liostaí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur le chéile, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus aird chuí á tabhairt aige ar phléití na nGrúpaí:
(a)
a áirithiú nach n-áireofar ach na tionscadail a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4;
(b)
comhleanúnachas trasréigiúnach a áirithiú, agus an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (14), d’Iarscríbhinn III á cur san áireamh;
(c)
na tuairimí ó na Ballstáit dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (10), d’Iarscríbhinn III a chur san áireamh;
(d)
féachaint lena áirithiú go bhfuil líon iomlán inláimhsithe tionscadal leasa choitinn ar liosta an Aontais.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Beidh tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ina gcuid lárnach de na pleananna infheistíochta réigiúnacha ábhartha faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943agus ina gcuid lárnach de na pleananna náisiúnta ábhartha forbartha gréasáin 10 mbliana faoi Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944 agus pleananna bonneagair náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí. Tabharfar an tosaíocht is airde is féidir do na tionscadail leasa choitinn sin laistigh de gach ceann de na pleananna sin. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha, tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil amhail dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III ná maidir le tionscadail chomhleasa.
|
|
Airteagal 3 7.
|
Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus ar tionscadail iomaíocha iad nó ar tionscadail iad nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a sholáthar amhail dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III, féadfar iad a áireamh sna pleananna infheistíochta réigiúnacha ábhartha, sna pleananna náisiúnta forbartha gréasáin 10 mbliana agus i bpleananna náisiúnta bonneagair eile, de réir mar is iomchuí, mar thionscadail atá á mbreithniú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|