+Airteagal 12 Cásanna le haghaidh na bPleananna Deich mBliana maidir le Forbairt Gréasáin
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.

Airteagal 12 Cásanna le haghaidh na bPleananna Deich mBliana maidir le Forbairt Gréasáin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di próiseas comhairliúcháin forleathan a chur i gcrích lena mbainfidh an Coimisiún, na Ballstáit, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna agus ar a laghad na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chomhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, na creat-treoirlínte le haghaidh na gcásanna comhpháirteacha a bheidh le forbairt ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a fhoilsiú. Déanfar na creat-treoirlínte sin a nuashonrú go tráthrialta de réir mar is gá. Beidh ENNOH rannpháirteach freisin sa phróiseas comhairliúcháin i leith aon nuashonrú ar na creat-treoirlínte.

Sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bunófar critéir maidir le cásanna a fhorbairt ar bhealach trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus stóinsithe agus dea-chleachtais i réimse an mheasúnaithe ar bhonneagair agus na pleanála maidir le forbairt gréasáin á gcur i gcuntas. Beidh sé d’aidhm freisin ag na creat-treoirlínte a áirithiú go mbeidh na cásanna foluiteacha i leith ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH i gcomhréir go hiomlán le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 agus déanfar cásanna sin an Choimisiúin is déanaí a bheidh ar fáil, agus freisin, nuair is ábhartha, na pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta, a chur i gcuntas iontu.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar i dtaca le conas a áirithiú go ndéanfaidh cásanna spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a chomhlíonadh. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird chuí ar an ionchur sin sna creat-treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás nach ndearna na Ballstáit, ó na geallsealbhóirí agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh, nó nár chuir sí san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh sí na cúiseanna leis.

Airteagal 12 2.
Leanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH creat-treoirlínte na Gníomhaireachta agus na cásanna comhpháirteacha a bheidh le húsáid i gcomhair na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin á bhforbairt acu.

Áireofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 sna cásanna comhpháirteacha freisin agus áireofar céimeanna idirghabhálacha iontu de réir mar is iomchuí.

Airteagal 12 3.
Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cuireadh do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh agus ionadaithe na sochaí sibhialta, páirt a ghlacadh sa phróiseas forbartha cásanna, go háirithe maidir le príomhghnéithe amhail toimhdí agus conas a léirítear i sonraí na gcásanna iad.
Airteagal 12 4.
Foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha agus cuirfidh siad faoi bhráid na Gníomhaireachta, na mBallstát agus an Choimisiúin í chun a dtuairim a fháil ina leith.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha.

Airteagal 12 5.
Laistigh de 3 mhí tar éis an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim ar a mhéid a chomhlíonann na cásanna na creat-treoirlínte dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, lena n-áirítear moltaí a d’fhéadfaí a dhéanamh i dtaobh leasuithe, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na mBallstát agus an Choimisiúin.

Laistigh den teorainn ama chéanna, féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt ar chomhoiriúnacht na gcásanna le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.

Airteagal 12 6.
Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim dá dtagraítear i mír 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit á gcur i gcuntas aige, an dréacht-tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha a fhormheas nó iarrfaidh sé ar ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH í a leasú.

Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH cúiseanna trína míneofar conas a bheidh aghaidh tugtha ar aon iarraidh ón gCoimisiún ar leasuithe.

I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe do ENTSO don Leictreachas, do ENTSO don Ghás agus do ENNOH ina leith sin.

Airteagal 12 7.
Laistigh de 2 sheachtain ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha i gcomhréir le mír 6, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH ar a suíomhanna gréasáin í. Foilseoidh siad freisin na sonraí ionchuir agus aischuir comhfhreagracha i bhfoirm atá soiléir agus cruinn go leor go bhféadfaidh tríú páirtí na torthaí a athchruthú, agus an dlí náisiúnta agus comhaontuithe rúndachta agus faisnéis íogair ábhartha á gcur i gcuntas go cuí.
Airteagal 12 8.
Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas