+Airteagal 13 Bearnaí sa bhonneagar a shainaithint
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.

Airteagal 13 Bearnaí sa bhonneagar a shainaithint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Laistigh de 6 mhí ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH na tuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar arna gcur i dtoll a chéile faoi chreat na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin.

Agus measúnú á dhéanamh acu ar na bearnaí sa bhonneagar, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a n-anailís a bhunú ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad, ar bhonn tosaíochta, na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, déanfar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear treisithe gréasáin, a chur i gcuntas sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar.

Sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do chomhlíonadh chuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050.

Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH próiseas comhairliúcháin forleathan lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 13 2.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a ndréacht-tuarascálacha faoi seach ar bhearnaí sa bhonneagar a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, an Choimisiúin agus na mBallstát chun a dtuairim a fháil ina leith.
Airteagal 13 3.
Laistigh de 3 mhí tar éis an tuarascáil ar bhearnaí sa bhonneagar a fháil in éineacht leis an ionchur a bheidh faighte sa phróiseas comhairliúcháin agus tuarascáil ar conas a bheidh sé curtha i gcuntas, déanfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH, an Choimisiúin agus na mBallstát agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí í.
Airteagal 13 4.
Laistigh de 3 mhí tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i mír 3 a fháil, déanfaidh an Coimisiún, agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur i gcuntas aige agus le hionchur ó na Ballstáit, a thuairim a dhréachtú agus a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó ENNOH.
Airteagal 13 5.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a dtuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar a oiriúnú agus aird chuí á tabhairt acu ar an tuairim ón nGníomhaireacht agus i gcomhréir leis na tuairimí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad.
Airteagal 13 6.
Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas