+Airteagal 14 Eangacha amach ón gcósta a phleanáil
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.

Airteagal 14 Eangacha amach ón gcósta a phleanáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Faoin 24 Eanáir 2023, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, laistigh dá gconairí tosaíochta sonracha eangaí amach ón gcósta, a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn I, agus sainiúlachtaí agus forbairt i ngach réigiún á gcur san áireamh, comhaontú neamhcheangailteach go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le spriocanna do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur i gcrích, ar spriocanna iad a imscarfar laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040, i gcomhréir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus an acmhainneacht in-athnuaite amach ón gcósta maidir le gach imchuach farraige.

Déanfar an comhaontú neamhcheangailteach sin i scríbhinn maidir le gach imchuach farraige atá nasctha le críoch na mBallstát, agus ní dochar é do cheart na mBallstát tionscadail a fhorbairt ar a bhfarraige theorann agus ina limistéar eacnamaíoch eisiach. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an obair sna Grúpaí.

Airteagal 14 2.
Faoin 24 Eanáir 2024 , agus mar chuid de gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana ina dhiaidh sin, le rannpháirtíocht na OCTanna ábhartha, na n-údarás inniúil ábhartha, na mBallstát agus an Choimisiúin, agus i gcomhréir leis an gcomhaontú neamhcheangailteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a fhorbairt agus a fhoilsiú, mar thuarascáil ar leithligh ar cuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais í, le haghaidh gach imchuach farraige, i gcomhréir leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus cosaint an chomhshaoil agus úsáidí eile na farraige á gcur san áireamh.

Agus na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta á bhforbairt laistigh den amlíne dá bhforáiltear i mír 1, breithneoidh an ENTSO don Leictreachas na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 chun forbairt a dhéanamh ar chásanna an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

Leis na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta, soláthrófar peirspictíocht ardleibhéil maidir le cumas na n-acmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta agus maidir leis na riachtanais a in eangacha amach ón gcósta a thagann dá bharr, lena n-áirítear na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith le hidirnascairí, tionscadail hibrideacha, naisc ghathacha, athneartuithe agus bonneagar hidrigine.

Airteagal 14 3.
Beidh na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta comhsheasmhach le pleananna infheistíochta réigiúnacha a fhoilsítear de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus déanfar iad a chomhtháthú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais chun forbairt chomhleanúnach ar phleanáil eangaí ar tír agus amach ón gcósta agus na hathneartuithe is gá a áirithiú.
Airteagal 14 4.
Faoin 24 Nollaig 2024 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit a gcomhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú, lena n-áirítear i bhfianaise thorthaí chur i bhfeidhm na hanailíse costais is tairbhe agus na comhroinnte costas i dtaca leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta, nuair a thagann na torthaí sin chun bheith ar fáil.
Airteagal 14 5.
Tar éis gach nuashonraithe ar na comhaontuithe neamhcheangailteacha i gcomhréir le mír 4, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas, i gcás gach imchuach farraige, na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a nuashonrú laistigh de phleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais eile dá dtagraítear i mír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas