|
+Airteagal 21 Tuairisciú agus meastóireacht |
Airteagal 21 Tuairisciú agus meastóireachtAirteagal 21 Tuairisciú agus meastóireacht Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Soláthrófar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar an gcur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(b)
na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal arna gcistiú atá ar liosta an Aontais;
(c)
an dul chun cinn atá déanta i dtéarmaí comhtháthaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe trí phleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(d)
maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin lena n-áirítear hidrigin, an éabhlóid ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, an éabhlóid chomhfhreagrach ar na praghsanna fuinnimh, chomh maith le líon na n-uaireanta a chlis an córas gréasáin, na cúiseanna leis sin agus an costas gaolmhar eacnamaíoch;
(e)
an próiseas deonaithe ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:
(i)
meántréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(6);
(ii)
an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal ar liosta an Aontais, go háirithe líon na n-agóidí i scríbhinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí agus líon na ngníomhaíochtaí ina mbíonn caingean dlí;
(iii)
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí;
(iv)
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le maolú ar thionchair ar an gcomhshaol, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, le linn próisis deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;
(v)
éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
(f)
láimhseáil rialála, go háirithe:
(i)
líon na dtionscadal leasa choitinn ar ina leith a tugadh cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann costas de bhun Airteagal 16;
(ii)
líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 17;
(g)
a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|