+Airteagal 17 Táirgí ábhartha lena n-éilítear gníomhaíocht láithreach
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
|
Airteagal 17 Táirgí ábhartha lena n-éilítear gníomhaíocht láithreach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Sainaithneoidh údaráis inniúla cásanna de tháirgí ábhartha a bhfuil riosca neamhchomhlíonadh Airteagal 3 chomh hard sin i gceist leo nach mór d’údaráis inniúla gníomhaíocht láithreach a dhéanamh ina leith sula gcuirfear na táirgí ábhartha sin ar an margadh, nó sula gcuirfear ar fáil ar an margadh iad nó sula n-onnmhaireofar iad. Cláróidh údaráis inniúla cásanna sainaitheanta den sórt sin sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Nuair a shainaithneoidh údaráis inniúla na staideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair a dhéanfaidh oibreoir ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis táirgí ábhartha lena mbaineann a chur isteach, sainaithneoidh an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 an t-ardriosca nach gcomhlíonfar Airteagal 3 agus cuirfidh sé údaráis inniúla ar an eolas, údaráis a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
(a)
bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach faoi Airteagal 23 chun cur nó cur ar fáil na dtáirgí ábhartha sin ar an margadh a chur ar fionraí nó,
(b)
nuair a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ceanglófar ar údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú na dtráchtearraí nó na dtáirgí sin a chur ar fionraí faoi Airteagal 26(7).
|
|
Airteagal 17 3.
|
Tiocfaidh deireadh leis na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo laistigh de 3 lá oibre nó 72 uair an chloig i gcás táirgí ábhartha meatacha, ag tosú ón nóiméad a aithnítear an t-ardriosca neamhchomhlíonta sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. I gcás ina gcinnfidh na húdaráis inniúla, bunaithe ar thoradh na seiceálacha a rinneadh laistigh den tréimhse sin, go bhfuil am breise de dhíth orthu chun a shuíomh cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, cuirfidh siad tréimhsí breise 3 lá oibre leis an tréimhse fionraíochta, trí bhíthin bearta eatramhacha breise a dhéanfar faoi Airteagal 23 nó, i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó atá a chuirtear amach as, trí fhógra a thabhairt do na húdaráis chustaim gur gá an fhionraíocht faoi Airteagal 26(7) a choinneáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|