|
+Airteagal 8 Eagraíochtaí faireacháin ---+Article 8 1. ---+Article 8 2. ---+Article 8 3. ---+Article 8 4. ---+Article 8 5. ---+Article 8 6. ---+Article 8 7. ---+Article 8 8. |
Airteagal 8 Eagraíochtaí faireacháinAirteagal 8 Eagraíochtaí faireacháin 1. Déanfaidh eagraíocht faireacháin: (a) córas díchill chuí a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 6 agus an ceart a dheonú d’oibreoirí chun é a úsáid; (b) a fhíorú go bhfuil a córas díchill chuí á úsáid i gceart ag na hoibreoirí sin; (c) an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh i gcás ina mainneoidh oibreoir a córas díchill chuí a úsáid i gceart, lena n-áirítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina ndéanfaidh an t-oibreoir mainneachtain shuntasach nó mainneachtain arís agus arís eile. 2. Féadfaidh eagraíocht iarratas a dhéanamh ar aitheantas mar eagraíocht faireacháin má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas: (a) tá pearsantacht dhlítheanach aici agus tá sí bunaithe go dleathach laistigh den Aontas; (b) tá saineolas iomchuí aici agus tá sé d’acmhainn aici na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú; agus (c) áirithíonn sí nach bhfuil aon choimhlint leasa ann agus í ag comhlíonadh a cuid feidhmeanna. 3. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, aitheantas mar eagraíocht faireacháin a thabhairt d’iarratasóir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh chun aitheantas a thabhairt d’eagraíocht faireacháin a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir. 4. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha ag eatraimh rialta lena fhíorú go bhfuil na heagraíochtaí faireacháin a oibríonn laistigh de dhlínse na n-údarás inniúil ag leanúint de na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i mír 2. Féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil an Bhallstáit, lena n-áirítear ábhair imní a thagann ó thríú páirtithe agus a bhfuil bonn maith leo, nó nuair atá easnaimh braite aige sa chaoi a ndéanann oibreoirí an córas díchill chuí, arna bhunú ag eagraíocht faireacháin, a chur chun feidhme. Déanfar tuarascáil ar na seiceálacha a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE. 5. Má chinneann údarás inniúil nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin nó nach gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a thuilleadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill. 6. Déanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar nuair a chinnfidh sé, go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear de bhun mhír 5, nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 nó na ceanglais a leagtar síos i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an eagraíocht faireacháin. Sula ndéanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas ina leith. Maidir leis an gcinneadh chun aitheantas eagraíochta faireacháin a tharraingt siar déanfaidh an Coimisiún é a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát go léir. 7. Chun forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar uathu agus, má éilíonn taithí amhlaidh, chun na rialacha sin a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, agus áiritheoidh sé, ag an am céanna, go ndéantar an t-aitheantas a thabhairt agus an t-aitheantas a tharraingt siar ar bhealach atá cothrom agus trédhearcach. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na gníomhartha sin faoin 3 Márta 2012. 8. Déanfar rialacha mionsonraithe a bhaineann le minicíocht agus cineál na seiceálacha dá dtagraitear i mír 4, ar rialacha iad atá riachtanach chun maoirseacht éifeachtach na n-eagraíochtaí faireacháin agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre sin a áirithiú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|