|
+Airteagal 17 Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe ---+Article 17 1. ---+Article 17 2. ---+Article 17 3. |
Airteagal 17 Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligtheAirteagal 17 Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí eile. 2. Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe. 3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|