+Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.

Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Ní dhéanfaidh aon ghníomhaíocht, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis réitigh náisiúnta idirdhealú i gcoinne eintiteas, i gcoinne sealbhóirí taiscí, infheisteoirí ná creidiúnaithe eile atá bunaithe san Aontas ar bhonn a náisiúntachta nó a n-áite gnó.
Airteagal 6 2.
Déanfar gach gníomh, togra nó beartas de chuid an Bhoird, de chuid na Comhairle, de chuid an Choimisiúin, nó de chuid údaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú chreat SRA le lánaird agus le dualgas cúraim le haghaidh aontacht agus iontaofacht an mhargaidh inmheánaigh.
Airteagal 6 3.

Agus é ag déanamh cinntí nó i mbun gníomhaíocht a dhéanamh, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát amháin, agus go háirithe agus é ag déanamh cinntí a bhaineann le grúpaí atá bunaithe in dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfar aird chuí ar na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 agus ar na tosca seo a leanas ar fad:

(a) 

leasanna na mBallstát ina n-oibríonn grúpa agus go háirithe tionchar aon chinnidh nó gníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar chobhsaíocht airgeadais, ar acmhainní buiséadacha, ar shocruithe airgeadais, ar scéim ráthaíochta taiscí nó ar scéim cúitimh d'infheisteoirí in aon cheann de na Ballstáit sin agus ar an gCiste;

(b) 

cuspóir leasanna na mBallstát éagsúil atá bainteach a chomhardú agus dochar éagothrom do leasanna Ballstáit a sheachaint nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;

(c) 

an gá atá le tionchar diúltach a íoslaghdú i gcás aon chuid de ghrúpa ar ball d'eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 é, agus atá faoi réir réitigh.

Airteagal 6 4.
Agus cinntí á ndéanamh nó gníomhaíochtaí á nglacadh, go háirithe maidir le heintitis nó grúpaí atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach agus i mBallstát neamh-rannpháirteach araon, cuirfear san áireamh éifeachtaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann ar Bhallstáit neamh-rannpháirteacha, lena n-áirítear ar institiúidí atá bunaithe sna Ballstáit sin.
Airteagal 6 5.
Déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún na tosca dá dtagraítear i mír 3 a chomhardú leis na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus d'imthosca gach cáis agus déanfaidh siad na cinntí a bheidh déanta ag an gCoimisiún faoi Airteagal 107 CFAE agus faoi Airteagal 19 den Rialachán seo a chomhlíonadh.
Airteagal 6 6.
Maidir le cinntí nó gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird nó na Comhairle nó an Choimisiúin, ní cheanglóidh siad ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar ná ní chuirfidh siad isteach ar cheannasacht bhuiséadach ná ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát.
Airteagal 6 7.
I gcás ina ndéanfaidh an Bord cinneadh atá dírithe ar údarás réitigh náisiúnta, beidh an ceart ag an údarás réitigh náisiúnta chun na bearta a bheidh le glacadh a shoiléiriú tuilleadh. Beidh cinneadh an Bhoird a bheidh i gceist á chomhlíonadh ag na sonraíochtaí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas