|
+Airteagal 12a 3. |
Airteagal 12a 3.I gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse ar bhonn aonair de chuid gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar a leanas:
(a)
le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglas cóimheasa caipitil iomláine sa Rialachán seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(b)
le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Rialachán seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, arna iolrú faoi 12,5. I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|