+Airteagal 15 Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.

Airteagal 15 Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.

Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, na bearta ar fad is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) 

gurb iad scairshealbhóirí na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais;

(b) 

gurb iad creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a n-éileamh de bhun Airteagal 17, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo;

(c) 

go gcuirfear an comhlacht bainistíochta agus bainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina measfar, de réir mar is iomchuí i ndáil leis na himthosca, é a bheith riachtanach an comhlacht bainistíochta agus an bhainistíocht shinsearach a choinneáil, ina hiomláine nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(d) 

go soláthróidh an comhlacht bainistíochta agus bainistíocht shinsearach na hinstitiúide faoi réiteach an cúnamh go léir is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(e) 

go gcuirfear daoine nádúrtha agus dlítheanacha faoi dhliteanas, faoi réir an dlí náisiúnta, faoin dlí sibhialta nó faoin dlí coiriúil, as a bhfreagracht as cliseadh na hinstitiúide faoi réiteach;

(f) 

ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, go gcaithfear ar mhodh cothromasach le creidiúnaithe ón aicme chéanna;

(g) 

nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná na caillteanais a thabhófaí dá bhfoirceannfaí eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear in Airteagal 29;

(h) 

go mbeidh taiscí cumhdaithe cosanta go hiomlán;agus

(i) 

go ndéantar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir le coimircí an Rialacháin seo.

Airteagal 15 2.
I gcás inar grúpa eintiteas í an institiúid, gan dochar d'Airteagal 14, gníomhóidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh a fheidhmiú, ar dhóigh ina n-íoslaghdófar an tionchar ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine agus ina n-íoslaghdófar an tionchar díobhálach ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus ina Bhallstáit, go háirithe sna tíortha ina mbeidh an grúpa ag oibriú.
Airteagal 15 3.
I gcás ina gcuirfear an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis droichead-institiúide nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, measfar an t-eintiteas sin a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE ón gComhairle ( 8 ).
Airteagal 15 4.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm uirlisí réitigh agus le feidhmiú cumhachtaí réitigh, ordóidh an Bord do na húdaráis réitigh náisiúnta ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i gcás inarb iomchuí.

Tá sé seo gan dochar do na forálacha maidir le hionadaíocht na bhfostaithe ar chomhlachtaí bainistíochta amhail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas