Airteagal 91
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint
Déanfaidh an Bord prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint a chur i bhfeidhm, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE ón gCoimisiún, CEGC, Euratom (
24
). Agus na prionsabail slándála á gcur i bhfeidhm áireofar forálacha maidir le malartú, próiseáil agus stóráil na faisnéise sin a chur i bhfeidhm.