1. Leagtar síos sa Treoir seo rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le téarnamh agus réiteach na n-eintiteas seo a leanas:
|
(a)
|
gnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(b)
|
máthairghnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe san Aontas;
|
|
(c)
|
cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe san Aontas;
|
|
(d)
|
máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais i mBallstát agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát;
|
|
(e)
|
máthairchuideachtaí sealbhaíochta árachais de chuid an Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha de chuid an Aontais;
|
|
(f)
|
brainsí gnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe i dtríú tír agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 75 go 80.
|
Leagtar síos leis an Treoir seo freisin rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le soláthraithe seirbhísí fíor-riachtanacha i gcás ina rachaidh an gnóthas árachais nó athárachais ábhartha faoi réiteach.
Údaráis réitigh agus údaráis mhaoirseachta, nuair a bhíonn na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo á mbunú agus á gcur i bhfeidhm acu, agus nuair a bhíonn na huirlisí difriúla atá ar fáil dóibh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír á gcur i bhfeidhm acu, cuirfidh siad san áireamh nádúr gnó an eintitis sin, a struchtúr scairshealbhóireachta, a fhoirm dhlíthiúil, a phróifíl riosca, a mhéid, a stádas dlíthiúil agus a idirnascthacht le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, agus raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis.