+Airteagal 16 Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint: láimhseáil grúpa
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
|
Airteagal 16 Cumhacht chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun iad a bhaint: láimhseáil grúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. Déanfaidh údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, mar aon le húdaráis réitigh na bhfoghnóthas, tar éis dóibh dul i gcomhairle le coláiste na maoirseoirí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 248 de Threoir 2009/138/CE, breithniú ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 laistigh den choláiste réitigh agus déanfaidh siad gach gníomh réasúnach chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17 maidir le cur i bhfeidhm na mbeart a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 15(4) i ndáil leis na grúpeintitis ábhartha go léir.
|
|
Airteagal 16 2
|
2. Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, i gcomhar leis an maoirseoir grúpa agus le EIOPA, i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an mháthairghnóthais deiridh agus faoi bhráid údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, agus tabharfaidh siadsan an tuarascáil sin do na foghnóthais atá laistigh dá sainchúram. Ullmhófar an tuarascáil tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, agus déanfar anailís inti ar na baic shuntasacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú éifeachtach na gcumhachtaí réitigh i dtaca leis an ngrúpa. Molfar sa tuarascáil aon bheart comhréireach agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, dar leis an údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, chun na baic sin a bhaint, agus tionchar na mbeart sin ar shamhail ghnó an ghrúpa á chur san áireamh.
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Laistigh de 4 mhí tar éis dó an tuarascáil a fháil, féadfaidh an máthairghnóthas deiridh barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal chun aghaidh a thabhairt ar na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil nó chun na baic sin a bhaint.
Déanfaidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, measúnú ar cé acu a thugtar aghaidh go héifeachtach, leis na bearta sin, ar na baic shubstainteacha nó nach dtugtar, nó cé acu a bhaintear na baic shubstainteacha nó nach mbaintear.
|
|
Airteagal 16 4
|
4. Cuirfidh an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal aon bheart a mholfaidh an máthairghnóthas deiridh in iúl do na húdaráis ar comhaltaí iad den choláiste réitigh nó atá rannpháirteach sa choláiste réitigh. Tar éis don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal agus d’údaráis réitigh na bhfoghnóthas dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 17, laistigh den choláiste réitigh maidir le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, i gcás inar gá, maidir leis an measúnú ar na bearta arna moladh ag an máthairghnóthas deiridh agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó chun na baic a bhaint. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta i ngach Ballstát ina n-oibríonn an grúpa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|