►M5
Maidir le haon athdhíol urrús ina dhiaidh sin a bhí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cineálacha tairisceana urrús don phobal a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), measfar gur tairiscint ar leithligh é agus beidh feidhm ag an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (d), chun a chinneadh an tairiscint urrús don phobal é an t-athdhíol sin. Beidh láithriú urrús trí idirghabhálaithe airgeadais faoi réir réamheolaire a fhoilsiú mura bhfuil feidhm ag ceann de na díolúintí a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), maidir leis an láithriú deiridh. ◄
Ní cheanglófar aon réamheolaire breise i gcás aon athdhíol urrús ina dhiaidh sin nó aon tairiscint chríochnaitheach urrús den sórt sin trí idirghabhálaithe airgeadais fad atá réamheolaire bailí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12 agus go ndéanann an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire sin a tharraingt suas é a thoiliú trí chomhaontú i scríbhinn gur féidir an réamheolaire sin a úsáid.