Féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an réamheolaire a tharraingt suas ina mbeidh doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh.
Gan dochar d'Airteagal 8(8) agus don dara fomhír d’Airteagal 7(1), i gcás réamheolaire ina bhfuil doiciméid ar leithligh, beidh, an fhaisnéis is gá a thabhairt roinnte i ndoiciméad clárúcháin, nóta mínithe urrús agus achoimre. Is sa doiciméad clárúcháin a bheidh an fhaisnéis faoin eisitheoir. Is é a bheidh i nóta mínithe na n-urrús an fhaisnéis faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.