|
+Airteagal 19 1. |
Airteagal 19 1.Aon fhaisnéis a chuimseofar i réamheolaire de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, féadfar í a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagalo27 agus i gcás ina bhfuil sí cuimsithe i gceann de na doiciméid seo a leanas:
(a)
doiciméid arna bhformheas ag údarás inniúil nó arna gcomhdú le húdarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch nó aon ranna den doiciméad sin;
(b)
na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da), (db) agus (f) go (i), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (e) go (h);
(c)
faisnéis rialáilte;
(d)
faisnéis airgeadais bhliantúil agus eatramhach;
(e)
tuarascálacha iniúchóireachta agus ráitis airgeadais;
(f)
tuarascálacha bainistíochta dá dtagraítear i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú maidir le hinbhuanaitheacht;
(g)
ráitis rialachais chorparáidigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE;
(h)
tuarascálacha ar luach sócmhainne nó cuideachta a chinneadh;
(i)
tuarascálacha ar luach saothair amhail dá dtagraítear in Airteagal 9b de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );
(j)
tuarascálacha bliantúla nó aon nochtadh faisnéise a cheanglaítear faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );
(k)
meamram agus airteagail chomhlachais. Is í an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir a bheidh san fhaisnéis sin. I gcás nach ndéantar ach codanna áirithe de dhoiciméad a chorprú de réir tagairtí, cuirfear ráiteas isteach sa réamheolaire á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go gclúdaítear i gcuid eile den réamheolaire iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|