+Airteagal 26 Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid chlárúcháin nó faoi dhoiciméid chlárúcháin uilíoch
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.

Airteagal 26 Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid chlárúcháin nó faoi dhoiciméid chlárúcháin uilíoch

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le heisiúintí urrús neamhchothromais dá dtagraítear i bpointe (m)(ii) d’Airteagal 2 agus le heisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír dá dtagraítear faoi phointe (m)(iii) d’Airteagal 2, i gcás nach ionann é an Ballstát baile a roghnaítear chun an réamheolaire a fhormheas de bhun na bhforálacha sin, agus an Ballstát a ndearna a údarás inniúil formheas ar an doiciméad clárúcháin nó ar an doiciméad clárúcháin uilíoch arna tharraingt suas ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.
Airteagal 26 2.

Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad sin a tharraingt suas, déanfaidh an t-údarás inniúil a d’fhormheas doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i leith fhormheas an réamheolaire, le deimhniú formheasa lena bhfianaítear go ndearnadh an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le cóip leictreonach den doiciméad sin. Tabharfar an fógra sin laistigh de lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil nó, i gcás inar cuireadh an iarraidh isteach in éineacht leis an dréachtdoiciméad clárúcháin nó dréachtdoiciméad clárúcháin uilíoch, laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an doiciméad sin a bheith formheasta.

I gcás inarb infheidhme, beidh ag dul leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriúchán den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air agus is faoi fhreagracht an eisitheora, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as doiciméid den sórt sin a tharraingt suas a dhéanfar an t-aistriúchán sin.

Déanfar fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire.

Beidh cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 18(1) agus (2) luaite sa deimhniú, mar aon leis an údar atá leis an gcur i bhfeidhm sin.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire.

Ní ghearrfaidh na húdaráis inniúla sin aon táille as fógra a thabhairt nó a fháil faoi na doiciméid chlárúcháin, nó doiciméid clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar orthu, ná as aon ghníomhaíocht mhaoirseachta ghaolmhar.

Airteagal 26 3.

Doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch a dtugtar fógra de bhun mhír 2 ina leith, is féidir é a úsáid mar chuid de réamheolaire a chuirtear faoi bhráid an údaráis inniúil an Bhallstáit baile lena fhormheas.

Údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire, ní ghabhfaidh sé air féin aon ghrinnscrúdú ná aon fhormheas a dhéanamh maidir leis an doiciméad clárúcháin, nó leis an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, ar tugadh fógra ina leith agus ní dhéanfaidh sé ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a fhormheas, agus é sin amháin tar éis an fógra a fháil.

Airteagal 26 4.

Beidh iarscríbhinn ag gabháil le doiciméad clárúcháin, nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch a dtugtar fógra ina leith de bhun mhír 2, ina leagtar amach an fhaisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir dá dtagraítear in Airteagal 7(6). Má dhéantar an doiciméad clárúcháin nó ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheas, meastar an iarscríbhinn a bheith formheasta freisin.

I gcás inarb infheidhme de bhun an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(3) faoi seach, beidh aistriúchán ag gabháil leis an bhfógra den iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch a tháirgtear faoi fhreagracht an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas

Agus an achoimre á tarraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas, déanfaidh sé ábhar na hiarscríbhinne a atáirgeadh gan aon athrú sa roinn dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(4). Údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire, ní dhéanfaidh sé grinnscrúdú ar an roinn sin den achoimre.

Airteagal 26 5.

I gcás ina dtagann ►C1  toisc nua tábhachtach ◄ , botún substainte, nó míchruinneas substainte chun cinn nó i gcás ina dtugtar faoi deara é laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 23(1) agus i gcás ina mbaineann sé leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch, déanfar an forlíonadh a cheanglaítear de bhun Airteagal 23 a thíolacadh lena fhormheas chuig an údarás inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch. Tabharfar fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire faoin bhforlíonadh sin laistigh de lá amháin oibre tar éis a fhormheasta, faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeidh doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolairí éagsúla ag an aon am amháin, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23(5), tabharfar fógra faoin bhforlíonadh do gach údarás inniúil a d’fhormheas réamheolairí den sórt sin.

Airteagal 26 6.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus chun forbairtí teicniúla ar na margaí airgeadais a chur san áireamh, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt i leith deimhniú formheasa a bhaineann leis an doiciméad clárúcháin, an doiciméad clárúcháin uilíoch, aon fhorlíonadh a ghabhann leo agus an t-aistriúchán de na doiciméid sin.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas