+Airteagal 6 Coinníollacha maidir le húdarú mar ELTIF a thabhairt
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.

Airteagal 6 Coinníollacha maidir le húdarú mar ELTIF a thabhairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.

Ní údarófar AIF AE mar ELTIF ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith a údaráis inniúil:

(a) 

is deimhin leis go bhfuil AIF AE in ann ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(b) 

tá sé tar éis iarratas ó AIFM AE arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE a fhormheas chun an tELTIF, rialacha nó ionstraimí corpraithe an chiste, agus rogha an taiscí a bhainistiú.

Airteagal 6 2.
I gcás ina ndéanann AIF AE iarratas de bhun Airteagal 5(5) den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil AIF AE a údarú ach amháin i gcás gur deimhin leis go gcomhlíonann AIF AE seo ceanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2011/61/AE maidir le húdarú AIFM AE.
Airteagal 6 3.

Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ELTIF formheas a dhiúltú maidir le hiarratas AIFM AE ar ELTIF a bhainistiú ach amháin i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an AIFM AE:

(a) 

ní chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(b) 

ní chomhlíonann sé Treoir 2011/61/AE;

(c) 

níl sé údaraithe ag a údarás inniúil chun AIFanna a leanann straitéisí infheistíochta den chineál atá cumhdaithe ag an Rialachán seo a bhainistiú; nó

(d) 

níl an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 5(2), ná aon soiléireacht nó faisnéis a iarrtar fúithi, curtha ar fáil aige.

Sula ndiúltóidh sé iarratas a fhormheas, rachaidh údarás inniúil an ELTIF i gcomhairle le húdarás inniúil AIFM AE.

Airteagal 6 4.
Ní thabharfaidh údarás inniúil an ELTIF údarú mar ELTIF don AIF AE a rinne an t-iarratas ar údarú más rud é go bhfuil cosc dlíthiúil air a aonaid nó a scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile.
Airteagal 6 5.
Cuirfidh údarás inniúil an ELTIF in iúl d'AIF AE an chúis leis an diúltú údarú mar ELTIF a thabhairt.
Airteagal 6 6.
Maidir le hiarratas dá mbeidh diúltaithe faoin gCaibidil seo, ní atíolacfar é d'údarás inniúil Ballstát eile.
Airteagal 6 7.
Ní bheidh údarú mar ELTIF faoi réir ceanglais go mbainisteoidh AIFM AE arna údarú i mBallstát baile an ELTIF an tELTIF, nó go saothróidh nó go dtarmligfidh AIFM AE aon ghníomhaíochtaí i mBallstát baile an ELTIF.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas