+Airteagal 1 Bunú agus Raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 6.
---+Airteagal 1 7.
|
Airteagal 1 Bunú agus Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Leis an Rialachán seo bunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“an tÚdarás” anseo feasta).
|
|
Airteagal 1 2.
|
Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Threoir 2009/138/CE cé is moite de Theideal IV di, de Threoir 2002/87/CE, Treoracha (AE) 2016/97 (
1
), agus Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnóthais árachas, gnóthais athárachais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Gníomhóidh an tÚdarás i réimse gníomhaíochtaí gnóthais árachais, gnóthais athárachais, ilchuideachtaí airgeadais, institiúidí le haghaidh soláthar sochair scoir ceirde agus idirghabhálaithe árachais, i dtaca le saincheisteanna nach gcumhdaítear go díreach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le rialachas corparáideach, iniúchóireacht, tuairisciú airgeadais, agus samhlacha gnó nuálacha inbhuanaithe agus comhtháthú imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh aige, ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Maidir le hinstitiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir ceirde, gníomhóidh an tÚdarás gan dochar don dlí sóisialta agus saothair náisiúnta.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Beidh forálacha an Rialacháin seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 258 CFAE, chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Is é is cuspóir don Údarás leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú a thabhairt maidir le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, ar mhaithe le geilleagar an Aontais, lena shaoránaigh agus lena ghnóthaí. Rannchuideoidh an tÚdarás, laistigh dá inniúlachtaí féin, leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
▼B
(a)
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe leibhéal fónta, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta,
(b)
sláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a áirithiú,
(c)
comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú,
(d)
arbatráiste rialála a sheachaint agus coinníollacha comhionanna iomaíochta a chur chun cinn,
▼M2
(e)
a áirithiú go ndéantar rialáil agus maoirseacht iomchuí ar na rioscaí a ghlactar i ndáil le gníomhaíochtaí árachais, athárachais agus pinsean ceirde,
(f)
cosaint custaiméirí agus tomhaltóirí a fheabhsú, agus
▼M2
(g)
cóineasú na maoirseachta sa mhargadh inmheánach ina iomláine a fheabhsú.
▼M2
Chun na gcríoch sin, rannchuideoidh an tÚdarás lena áirithiú go gcuirfear na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, le cóineasú maoirseachta agus le tuairimí a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16a, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.
▼B
I bhfeidhmiú na gcúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, beidh aird ar leith ag an Údarás ar aon riosca sistéamach ionchasach atá ann mar gheall ar institiúidí airgeadais a bhféadfadh cliseadh ina leith dochar a dhéanamh d’oibriú an chórais airgeadais nó an fhíorgheilleagair.
▼M2
I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gníomhóidh an tÚdarás go neamhspleách, go hoibiachtúil agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trédhearcach chun leasa an Aontais ina iomláine, agus urramóidh sé, aon uair is ábhartha, prionsabal na comhréireachta. Beidh an tÚdarás cuntasach agus gníomhóidh sé go hionraic agus áireoidh sé go gcaithfear go cothrom le gach páirtí leasmhar.
▼M2
Maidir le hábhar agus foirm ghníomhaíochtaí agus bhearta an Údaráis, go háirithe treoirlínte, moltaí, tuairimí, ceisteanna agus freagraí agus dréachtchaighdeáin rialála,beidh siad i gcomhréir go hiomlán le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear i mír 2. A mhéid is ceadmhach agus is ábhartha faoi na forálacha sin, beidh cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó institiúid airgeadais, gnóthais, ábhair eile nó gníomhaíocht airgeadais eile, a dtéann gníomhaíocht agus bearta an Údaráis i bhfeidhm air nó uirthi, beidh sin curtha san áireamh go cuí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i ngníomhaíocht agus i mbearta an Údaráis sin.
|
|
Airteagal 1 7.
|
Bunóidh an tÚdarás, mar chuid dhílis den Údarás, Coiste chun comhairle a thabhairt dó faoi conas ba cheart, i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha is infheidhme, difríochtaí sonracha san earnáil a bhaineann le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar shamhlacha gnó agus cleachtas gnó agus le méid institiúidí airgeadais agus le margaí a mhéid a bheidh na gnéithe sin ábhartha faoi na rialacha a bheidh á mbreithniú, faoi conas ba cheart na difríochtaí sin a chur san áireamh i mbearta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|