+Airteagal 2 An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.

Airteagal 2 An Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.
Beidh an tÚdarás ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA). Is é príomhchuspóir a bheidh ag CEMA a áirithiú go ndéanfar na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil airgeadais a chur chun feidhme go leordhóthanach chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun muinín sa chóras airgeadais ina iomláine agus cosaint éifeachtach leordhóthanach do chustaimeirí agus do thomhaltóirí na seirbhísí airgeadais a áirithiú.
Airteagal 2 2.

Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) 

an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), chun críocha na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 agus sa Rialachán seo;

(b) 

an tÚdarás;

(c) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(d) 

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(e) 

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (“Comhchoiste”), chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 54 go hAirteagal 57 den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chomhlíonadh;

(f) 

na húdaráis inniúla nó na húdaráis mhaoirseachta sna Ballstáit de réir mar a shonraítear sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

Airteagal 2 3.
Comhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth leis an BERS agus, chomh maith leis sin, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) tríd an gComhchoiste, chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht trasearnála oibre ann agus chun teacht ar chomhsheasaimh i réimse na maoirseachta ar ilchuideachtaí airgeadais agus maidir le saincheisteanna trasearnála eile.
Airteagal 2 4.
I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rachaidh páirtithe an CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt dá chéile, go háirithe le linn a áirithiú go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa eatarthu agus ón Údarás chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Airteagal 2 5.
Beidh oibleagáid ar na húdaráis mhaoirseachta sin ar páirtí sa CEMA iad maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí airgeadais a oibríonn san Aontas i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta, sna tagairtí do mhaoirseacht sa Rialachán seo, áireofar gníomhaíochtaí uile na n-údarás inniúil uile atá le déanamh de bhun na ngníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas