+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Beidh ról ceannais ag an Údarás maidir le cur chun cinn na trédhearcachta, na simplíochta agus na cothroime sa mhargadh do tháirgí airgeadais tomhaltóra nó do sheirbhísí airgeadais tomhaltóra ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

▼M2

(a) 

bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí, amhail forbairt costas agus forbairt shirbhísí airgeadais miondíola agus táirgí airgeadais sna Ballstáit;

▼M2

(aa) 

athbhreithnithe téamacha doimhne a dhéanamh ar iompraíocht sa mhargadh, comhthuiscint a fhorbairt ar chleachtais sa mhargadh chun fadhbanna féideartha a shainaithint agus a dtionchar a anailísiú;

(ab) 

táscairí riosca mhiondíola a cheapadh le haghaidh cúiseanna féideartha dochair don tomhaltóir agus don infheisteoir a shainaithint go tráthúil;

▼B

(b) 

athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh um litearthacht agus oideachas i gcúrsaí airgeadais ag na húdaráis inniúla;

(c) 

caighdeáin oiliúna a fhorbairt don tionscal; agus

(d) 

rannchuidiú le forbairt rialacha coiteanna um nochtadh faisnéise;

▼M2

(e) 

cur le cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach sa chaoi go mbeidh rochtain chothrom ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí eile seirbhísí airgeadais ar sheirbhísí airgeadais agus ar tháirgí airgeadais; agus

(f) 

gníomhaíochtaí rúnsiopadóireachta na n-údarás inniúil, más infheidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas