Déanfaidh an tÚdarás Coiste um chosaint tomhaltóirí agus um nuálaíocht airgeadais a bhunú mar chuid lárnach de lena dtabharfar le chéile na húdaráis inniúla uile is ábhartha agus na húdaráis atá freagrach as cosaint tomhaltóirí d’fhonn cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, cur chuige comhordaithe a bhaint amach i dtaca leis an gcóir rialála agus mhaoirseachta a bheidh ann i ndáil le gníomhaíochtaí airgeadais nua nó nuálacha, agus chun comhairle a thabhairt don Údarás lena cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiúin. Oibreoidh an tÚdarás i ndlúthchomhar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) chun dúbláil, neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint i réimse na cosanta sonraí. Rud eile, féadfaidh an tÚdarás cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta cosanta sonraí le bheith ina mbreathnóirí ar imeachtaí an Choiste.