|
+Airteagal 9 5. |
Airteagal 9 5.Sna cásanna a shonraítear agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó má éilítear amhlaidh i gcás éigeandáil a bheith ann i gcomhréir leis na coinníollacha, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18, féadfaidh an tÚdarás toirmeasc sealadach nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díol a dhéanamh ar tháirgí, uirlisí nó ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe a d’fhéadfadh díobháil shuntasach airgeadais a dhéanamh do chustaiméirí nó do thomhaltóirí, nó a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú ordúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó ar chobhsaíocht cuid den chóras sin. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag eatraimh iomchuíagus uair amháin gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailísiú cuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó ar an tomhaltóir, féadfaidh an tÚdarás cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc. Féadfaidh Ballstát iarraidh ar an Údarás athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), déanfaidh an tÚdarás cinneadh seasamh leis an gcinneadh sin nó gan seasamh leis. Féadfaidh an tÚdarás measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá le cineálacha áirithe gníomhaíochta nó cleachtas airgeadais a thoirmeasc nó a shrianadh agus, i gcás ina bhfuil gá den sórt sin ann, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar an eolas chun glacadh aon toirmisc nó sriain den sórt sin a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|