|
+Airteagal 9a 1. |
Airteagal 9a 1.Ní dhéanfaidh an tÚdarás na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla nuair a mheasfaidh sé gur dócha i gcás ceann amháin de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó i gcás aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, gur dócha go dtarraingeofar saincheisteanna móra anuas ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
(a)
má mheasann an tÚdarás go bhféadfadh na forálacha atá sa ghníomh sin a bheith ar neamhréir lom díreach le gníomh ábhartha eile,
(b)
i gcás inar gníomh de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá sa ghníomh, dá mbeadh gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme in easnamh, gníomhartha lena ndéanfaí an gníomh lena mbaineann a chomhlánú nó a shonrú, bheadh amhras dlisteanach ann maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a d’eascródh ón ngníomh reachtach nó ó chur i bhfeidhm cheart an ghnímh sin,
(c)
bheadh deacrachtaí praiticiúla ann dá mbeadh treoirlínte agus moltaí in easnamh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16 maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh ábhartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|