+Airteagal 19 1a.

Airteagal 19 1a.

Sna cásanna seo a leanas, tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra don Údarás gan aon mhoill mhíchuí nár baineadh comhaontú amach:

(a) 

i gcás ina mbeidh foráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

tá an sprioc-am dulta in éag; nó

(ii) 

cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad, de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar chúiseanna oibiachtúla;

(b) 

i gcás nach mbeidh aon fhoráil sna gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), maidir le teorainn ama ina ndéanfar comhaontú idir na húdaráis inniúla agus i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

cinneadh a bheith déanta ag péire, ar a laghad, de na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuil easaontas ann, ar chúiseanna oibiachtúla; nó

(ii) 

dhá mhí a bheith caite ón dáta a fuair údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile gníomhaíocht áirithe a dhéanamh chun na gníomhartha sin a chomhlíonadh agus nach mbeidh cinneadh a shásódh an iarraidh glactha fós ag an údarás a fuair an iarraidh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas