Airteagal 43a
Trédhearcacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí
D’ainneoin Airteagal 70, laistigh de shé seachtaine ar a mhéad ó gach cruinniú de chuid an Bhoird Maoirseoirí, déanfaidh an tÚdarás, ar a laghad, taifead cuimsitheach suntasach d’imeachtaí an chruinnithe sin a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, , taifead lenar féidir tuiscint iomlán a fháil ar an bplé, lena n-áirítear liosta anótáilte de na cinntí. Ní léireoidh an taifead sin aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais aonair, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 75(3) nó sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).