+Airteagal 45b Na Grúpaí Comhordaithe
---+Airteagal 45b 1.
---+Airteagal 45b 2.
---+Airteagal 45b 3.
---+Airteagal 45b 4.

Airteagal 45b Na Grúpaí Comhordaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45b 1.
Féadfaidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe a bhunú ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil maidir le hábhair shainithe a bhféadfadh gá a bheith ann lena gcomhordú a dhéanamh ag féachaint d’fhorbairtí sonracha sa mhargadh. Bunóidh an Bord Bainistíochta grúpaí comhordaithe maidir le hábhair shainithe ar iarraidh ó chúigear comhaltaí den Bhord Maoirseoirí.
Airteagal 45b 2.
Glacfaidh gach údarás inniúil páirt sna grúpaí comhordaithe agus tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá do na grúpaí comhordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 35, chun go bhféadfaidh na grúpaí comhordaithe sin a gcúraimí comhordúcháin a dhéanamh i gcomhréir lena sainordú. Is bunaithe ar fhaisnéis ó na húdaráis inniúla agus ar aon toradh a shainaithneoidh an tÚdarás a bheidh obair na ngrúpaí comhordaithe sin.
Airteagal 45b 3.
Déanfaidh comhalta den Bhord Bainistíochta cathaoirleacht ar na grúpaí. Gach bliain, déanfaidh pé comhalta den Bhord Bainistíochta a bheidh i bhfeighil an ghrúpa comhordaithe tuarascáil a chur chuig an mBord Maoirseoirí maidir le príomhghnéithe an phlé agus a thorthaí agus, i gcás inar ábhartha, déanfaidh an comhalta moladh maidir le hobair leantach rialála nó le hathbhreithniú piaraí sa réimse lena mbaineann. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Údarás faoin gcaoi a bhfuil obair na ngrúpaí comhordaithe curtha san áireamh acu ina gcuid gníomhaíochtaí.
Airteagal 45b 4.
Agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar fhócas ag grúpaí comhordaithe, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 35 an fhaisnéis is gá a thabhairt trínar féidir leis an Údarás a ról faireacháin a chomhlíonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas