|
+Airteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomhartha |
Airteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomharthaAirteagal 56 Comhsheasaimh agus comhghníomhartha Faoi chuimsiú raon feidhme a chúraimí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, de réir mar is iomchuí, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh trí comhdhearcadh in éineacht leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí). I gcás ina gceanglófar le dlí an Aontais, bearta de bhun Airteagal 10 go 16, agus cinntí de bhun Airteagal 17, Airteagal 18 agus Airteagal 19, den Rialachán seo, ar bearta iad a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon ghníomhartha reachtacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) nó an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), déanfaidh an tÚdarás, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) na bearta sin a ghlacadh, i gcomhthráth, de réir mar is iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|