+Airteagal 59 Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
---+Airteagal 59 6.

Airteagal 59 Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1.
Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní dhéanfaidh siad aon dualgais eile a chomhlíonadh i ndáil leis an Údarás, le Bord Bainistíochta an Údaráis ná le Bord Maoirseoirí an Údaráis.
Airteagal 59 2.
Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ná foireann an Údaráis a thugann tacaíocht oibríochta agus rúnaíochta, páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc a bhfuil leas pearsanta acu ann, más rud é go raibh siad bainteach roimhe sin leis an ábhar mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó más rud é go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomharc.
Airteagal 59 3.
Más rud é, ar chúis amháin de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc áirithe, cuirfidh an comhalta sin an Bord Achomhairc ar an eolas dá réir sin.
Airteagal 59 4.

Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má tá amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.

Ní fhéadfar agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí ná ní bheidh agóid inghlactha más rud é, maidir le páirtí sna himeachtaí achomhairc agus d’ainneoin é a bheith ar an eolas faoi chúis le hagóid a dhéanamh, go mbeidh céim nós imeachta glactha aige seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

Airteagal 59 5.

Cinnfidh an Bord Achomhairc cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.

Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás an malartach a bheith sa chor céanna, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as measc na malartach a bheidh ar fáil.

Airteagal 59 6.

Geallfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.

Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas agus dearbhú leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur dochar é dá neamhspleáchas.

Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas