|
+Airteagal 15 1. |
Airteagal 15 1.I gcás ina dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE, sna réimsí a leagtar amach go sonrach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, féadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt. Beidh caighdeáin theicniúla cur chun feidhme teicniúil, ní bheidh cinntí straitéiseacha ná roghanna beartais le tuiscint astu, agus is é a bheidh san inneachar, ábhar lena gcinnfear na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomhartha sin. Cuirfidh an tÚdarás a chuid dréachtchaighdeán teicniúil rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh. San am céanna, cuirfidh an tÚdarás na caighdeáin theicniúla sin ar aghaidh chun faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sula gcuirfidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin, seolfaidh sé comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla, agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint astu, mura rud é go mbeidh na comhairliúcháin agus na hanailísí sin an-díréireach le raon feidhme agus le tionchar na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme lena mbaineann nó leis an bpráinn faoi leith atá ag baint leis an ábhar. Iarrfaidh an tÚdarás freisin comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37. Laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh an Coimisiún dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme, déanfaidh sé cinneadh i dtaobh é a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas in am trátha i gcás nach féidir an glacadh tarlú laistigh den tréimhse 3 mhí sin. Féadfaidh an Coimisiúnt cuid de dhréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó an dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh le leasuithe, más mithid sin ar mhaithe le leas an Aontais. I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún gan dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh, nó i gcás ina mbeartaíonn sé gan ach cuid de a ghlacadh nó é a ghlacadh le leasuithe, cuirfidh sé ar ais chuig an Údarás é, agus míneoidh sé cén fáth nach bhfuil sé beartaithe aige tacú leis nó míneoidh sé na cúiseanna a bhí aige leis na leasuithe a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún cóip dá litir chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Laistigh de thréimhse sé seachtaine, féadfaidh an tÚdarás an dréachtchaighdeán cur chun feidhme teicniúil a leasú ar bhonn na leasuithe atá beartaithe ag an gCoimisiún agus é a thíolacadh an athuair mar thuairim fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an tÚdarás cóip dá thuairim fhoirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Nuair a rachaidh an tréimhse sé seachtaine dá dtagraítear sa cheathrú fomhír in éag, más nach mbeidh dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme leasaithe tíolactha ag an Údarás, nó má tá dréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme tíolactha aige nach bhfuil leasaithe ar bhealach atá ag teacht leis na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an caighdeán teicniúil cur chun feidhme a ghlacadh maille leis na leasuithe a mheasann sé féin a bheith ag baint le hábhar nó féadfaidh sé diúltú dó mar chaighdeán. Ní dhéanfaidh an Coimisiún athrú ar inneachar dréachtchaighdeáin theicniúil cur chun feidhme a ullmhaíonn an tÚdarás gan comhordú a dhéanamh roimh ré leis an Údarás, de réir mar a leagtar amach san Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|