+Airteagal 16a 1.

Airteagal 16a 1.

Féadfaidh an tÚdarás, ach a n-iarrfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún orthu é, nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann lena réimse inniúlachta.

Sna tuairimí uaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú na ngníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear a iomchuí atá sé deireadh a chur le haon cheanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó i mbearta de chuid an dlí náisiúnta lena dtrasuitear dlí an Aontais.

Chun tuairimí a thabhairt maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm, dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle go sonrach leis na páirtithe leasmhara uile maidir leis an ábhar sin agus a n-ionchur a chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó na tuairimí sin a bhreithniú, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas