|
+Airteagal 33 4. |
Airteagal 33 4.Gan dochar do cheanglais shonracha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt de mhír 1 den Airteagal seo, comhoibreoidh an tÚdarás, i gcás inar féidir é, le húdaráis inniúla ábhartha tríú tíortha ar sainaithníodh go raibh a gcórais dlí agus maoirseachta coibhéiseach. I bprionsabal, leanfar den chomhar sin ar bhonn socruithe riaracháin a tugadh i gcrích le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin. Nuair bheidh an tÚdarás i mbun caibidlíochta faoi na socruithe riaracháin sin, féachfaidh sé chuige go gcuirfear forálacha maidir leis an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na sásraí lenar féidir leis an tÚdarás faisnéis ábhartha a fháil, lena n-áirítear faisnéis ar an gcóras rialála, chomh maith leis an gcur chuige maoirseachta, forbairtí margaidh ábhartha agus aon athruithe a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcinneadh coibhéise;
(b)
a mhéid is gá chun an obair leantach a dhéanamh i dtaca le cinntí coibhéise, den sórt sin, na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inar gá, cigireachtaí ar an láthair Cuirfidh an tÚdarás an Coimisiún ar an eolas má dhiúltaíonn údarás inniúil tríú tír na socruithe riaracháin sin a thabhairt i gcrích nó má dhiúltaíonn sé comhoibriú go héifeachtach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|