+Airteagal 35 Faisnéis a bhailiú
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
|
Airteagal 35 Faisnéis a bhailiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát gach faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun go mbeidh sé in ann na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha, agus ar choinníoll go bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis riachtanach i ndáil le cineál an dualgais i dtrácht.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Tar éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil ó údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh sé aon fhaisnéis a sholáthar atá riachtanach lena chumasú don údarás inniúil a chuid dualgas a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh rúndachta gairmiúla a leagtar síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon dúbailt ar na ceanglais tuairiscithe, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag údaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.
|
|
Airteagal 35 5.
|
I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú chuig údaráis mhaoirseachta eile, chuig an aireacht atá freagrach as airgeadas i gcás ina mbeidh faisnéis stuamachta ar fáil aici, chuig an mbanc ceannais náisiúnta nó chuig an oifig staidrimh sa Bhallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 35 6.
|
I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil nó nach gcuirfear faisnéis ar fáil faoi mhír 1 nó faoi mhír 5 ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh a bhfuil údar maith léi agus í réasúnaithe go cuí, a dhíriú go díreach chuig na rannpháirtithe margaidh airgeadais ábhartha. Tabharfar míniú san iarraidh réasúnaithe i dtaobh cén fáth go bhfuil gá leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair faoi seach.
Cuirfidh an tÚdarás na húdaráis inniúla ábhartha ar an eolas faoi iarrataí i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 5.
Arna iarraidh sin ag an Údarás, tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh don Údarás maidir le bailiú na faisnéise.
|
|
Airteagal 35 7.
|
Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fhaightear faoin Airteagal seo a úsáid ach amháin chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|