+Airteagal 36 Gaolmhaireacht leis an BERS
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 4.
---+Airteagal 36 5.
|
Airteagal 36 Gaolmhaireacht leis an BERS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth agus ar bhonn rialta leis an BERS.
|
|
Airteagal 36 2.
|
Déanfaidh an tÚdarás, go rialta agus go tráthúil, faisnéis a sholáthar don BERS, ar faisnéis í atá riachtanach chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán a sholáthar don BERS gan mhoill tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an mBERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair.
|
|
Airteagal 36 4.
|
Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ón BERS, déanfaidh an tÚdarás an rabhadh nó an moladh sin a phlé ag an gcéad chruinniú eile den Bhord Maoirseoirí nó, i gcás inarb iomchuí, níos luaithe, chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh le rabhadh nó ar mholadh den sórt sin, agus ar na bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá éis sin, maidir lena chúraimí a chomhlíonadh. Cinnfidh sé, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir le haon ghníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo chun déileáil leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí. Más rud é nach ngníomhóidh an tÚdarás ar rabhadh nó ar mholadh, tabharfaidh sé míniú do BERS faoi na cúiseanna a bhí aige gan déanamh amhlaidh. Cuirfidh BERS Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010. Cuirfidh BERS an Chomhairle ar an eolas faoi.
|
|
Airteagal 36 5.
|
Tar éis rabhadh nó moladh atá dírithe chuig údarás inniúil a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, i gcás inarb ábhartha, na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar obair leantach go prapúil mar fhreagairt ar an moladh. Más rud é go mbeartaíonn an seolaí gan moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan gníomhú agus pléifidh sé na cúiseanna sin leis an mBord. I gcás inandéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 Parlaimint na hEorpa, anChomhairle, an Coimisiún agus BERS a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá déanta aige mar fhreagairt ar mholadh ó BERS, tabharfaidh sé aird chuí ar thuairimí an Bhoird Maoirseoirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|