+Airteagal 40 Comhdhéanamh
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
|
Airteagal 40 Comhdhéanamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta díobh seo a leanas:
▼M3
▼B
(b)
ceann an údaráis phoiblí náisiúnta atá inniúil as maoirseacht a dhéanamh ar na rannpháirtithe margaidh airgeadais i ngach Ballstát agus tiocfaidh siad le chéile i bpearsa dhá uair ar a laghad sa bhliain;
(c)
ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;
(d)
ionadaí amháin thar ceann an BERS, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;
(e)
ionadaí amháin faoi seach thar ceann gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Comórfaidh an Bord Maoirseoirí cruinnithe leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta go rialta, agus dhá uair ar a laghad sa bhliain.
|
|
Airteagal 40 3.
|
Beidh gach údarás inniúil freagrach as malartach ardleibhéil a ainmniú óna údarás, agus féadfaidh an malartach sin ionad an chomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a ghlacadh, nuair nach féidir leis an duine sin freastal ar chruinniú.
|
|
Airteagal 40 4.
|
I gcás na mBallstát ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as an maoirseacht de réir an Rialacháin seo, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann. Mar sin féin, nuair nach dtagann mír atá le plé ag an mBord Maoirseoirí faoi réim inniúlacht an údaráis náisiúnta a bhfuil an comhalta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ina ionadaí thar a cheann, féadfaidh an comhalta sin ionadaí ón údarás náisiúnta ábhartha a thabhairt leis, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.
|
|
Airteagal 40 5.
|
Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Threoir 94/19/CE, féadfaidh ionadaí thar ceann na gcomhlachtaí ábhartha a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) 2021/23 féadfaidh ionadaí ón údarás réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.
|
|
Airteagal 40 6.
|
►M6
Féadfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh a dhéanamh breathnadóirí a ligean isteach. Go háirithe, tabharfaidh an Bord Maoirseoirí cead isteach d’ionadaí ón Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
20
) i gcás ina ndéanfar ábhair a thagann faoina shainordú a phlé nó a chinneadh. ◄
Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige.
|
|
Airteagal 40 7.
|
I gcás nach bhfuil an t-údarás náisiúnta poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 freagrach as na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, féadfaidh an comhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear sa phointe sin a chinneadh cuireadh a chur ar ionadaí ó údarás an Bhallstáit um chosaint tomhaltóirí, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin. I gcás ina mbeidh an fhreagracht as cosaint tomhaltóirí roinnte idir roinnt údarás i mBallstát, comhaontóidh na húdaráis sin ar ionadaí coiteann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|