|
+Airteagal 54 2. |
Airteagal 54 2.Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go tráthrialta agus go dlúth chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), go háirithe maidir le:
—
ilchuideachtaí airgeadais agus, i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais, comhdhlúthú stuamachta,
—
cuntasaíocht agus iniúchóireacht,
—
anailísí stuamachta ar an micrileibhéal maidir le forbairt trasearnála, rioscaí agus leochaileachtaí i ndáil le cobhsaíocht airgeadais,
—
táirgí infheistíochta miondíola,
—
cibearshlándáil,
—
faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú le BERS agus leis na ÚMEnna eile,
—
seirbhísí airgeadais miondíola agus saincheisteanna a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí,
—
comhairle ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1(6),
—
ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|