+Airteagal 70 Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 2a.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
|
Airteagal 70 Oibleagáid maidir le sicréideacht ghairmiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 70 1.
|
Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, agus baill foirne uile an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach, agus gach duine eile a bhfuil cúraimí á ndéanamh aige don Údarás ar bhonn conarthach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 339 CFAE agus de bhun na bhforálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.
|
|
Airteagal 70 2.
|
Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, a nochtadh do dhuine nó d’údarás ar bith d’aon chineál, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán ar chaoi nach féidir rannpháirtithe margaidh airgeadais aonair a shainaithint.
▼M3
Ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis a úsáid chun na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorfheidhmiú, agus go háirithe i gcomhair nósanna imeachta dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.
|
|
Airteagal 70 2a.
|
Áiritheoidh an Bord Bainistíochta agus an Bord Maoirseoirí go mbeidh gach duine a sholáthraíonn aon seirbhís, go díreach nó go neamhdhíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le cúraimí an Údaráis, lena n-áirítear oifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag an mBord Bainistíochta agus ag an mBord Maoirseoirí nó ceaptha ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, go mbeidh siad faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leo sin atá i mír 1 agus i mír 2. Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna i ndáil le rúndacht ghairmiúil freisin maidir le breathnóirí a bhíonn ag freastal ar chruinnithe den Bhord Bainistíochta, agus maidir leis an mBord Maoirseoirí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an Údaráis.
|
|
Airteagal 70 3.
|
Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla agus leis na húdaráis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 35a(12) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfaidh an tÚdarás na socruithe praiticiúla maidir le cur chun feidhme na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a leagan síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha.
|
|
Airteagal 70 4.
|
Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (
25
) ón gCoimisiún i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|