|
+Airteagal 81 2. |
Airteagal 81 2.Scrúdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 chomh maith:
(a)
an bhfuil sé iomchuí leanúint de mhaoirseacht ar leithligh a dhéanamh ar bhaincéireacht, ar árachas, ar phinsin cheirde, ar urrúis agus ar na margaí airgeadais;
(b)
an bhfuil sé iomchuí maoirseacht stuamachta a dhéanamh agus seoladh gnó a mhaoirsiú mar ghníomhaíochtaí ar leithligh óna chéile, nó an bhfuil sé iomchuí go ndéanfadh an maoirseoir céanna na gníomhaíochtaí sin;
(c)
an bhfuil sé iomchuí go simpleofaí agus go neartófaí struchtúr an CEMA chun go mbeadh comhleanúnachas níos mó ann idir na macraileibhéil agus na micrileibhéil agus idir na ÚMEanna;
(d)
an bhfuil éabhlóid an CEMA i gcomhréir leis an éabhlóid dhomhanda;
(e)
an bhfuil dóthain éagsúlacht agus sármhaitheasa ann laistigh den CEMA;
(f)
an leor an chuntasacht agus an trédhearcacht i dtaca le ceanglais um fhoilsiú;
(g)
an leor acmhainní an Údaráis chun a chuid freagrachtaí a chomhall;
(h)
an bhfuil sé iomchuí go ndéanfar suíomh an Údaráis a chothabháil nó an bhfuil sé iomchuí na ÚMEanna a aistriú go dtí an suíomh amháin chun go mbeadh comhordú níos fearr ann eatarthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|