+Airteagal 3 Dátaí íocaíochta a thuairisciú
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4

Airteagal 3 Dátaí íocaíochta a thuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1

1.   Chun críoch an cheanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh eisitheoirí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil ar bhonn tuairisciú ráithiúil, faoi am scoir gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas: 12 Bealtaine, 11 Lúnasa, 11 Samhain agus 11 Feabhra.

Airteagal 3 2

2.   Chun críoch an cheanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin a chur faoi bhráid na n-eisitheoirí ar bhonn tuairisciú ráithiúil, faoi am scoir gnó ar na dátaí íocaíochta seo a leanas: 21 Aibreán, 21 Iúil, 21 Deireadh Fómhair agus 21 Eanáir.

Mar sin féin, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoi bhráid na n-eisitheoirí, faoi am scoir gnó ar bhonn laethúil, ‘Teimpléad S 08.00 – Comhartha atá i seilbh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ atá leagtha amach in Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 3 3

3.   Más saoire phoiblí é lá na híocaíochta i mBallstát an údaráis inniúil dá bhfuil an tuarascáil le soláthar, nó más Satharn nó Domhnach é an lá sin, cuirfear sonraí isteach an lá oibre dár gcionn.

Airteagal 3 4

4.   Maidir le cibé ceartúcháin ar na tuarascálacha a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil, cuirfidh eisitheoirí isteach iad gan moill mhíchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas