1. Agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa Rialachán seo á cur isteach acu, cuirfidh eisitheoirí isteach í sna formáidí malartaithe sonraí agus sna léirithe mar a shonraíonn na húdaráis inniúla agus i gcomhréir leis an sainmhíniú pointe sonraí ar shamhail an phointe sonraí agus leis na foirmlí bailíochtaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus leis na sonraíochtaí seo a leanas:
|
(a)
|
faisnéis nach bhfuil de dhíth nó nach bhfuil infheidhme, ní chuirfear san áireamh i dtíolacadh sonraí í;
|
|
(b)
|
déanfar luachanna uimhriúla a chur isteach mar a leanas:
|
(i)
|
déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí ‘Airgeadaíoch’ ag gabháil leo a thuairisciú trí úsáid a bhaint as beachtas íosta atá coibhéiseach le deich mílte aonad;
|
|
(ii)
|
déanfar pointí sonraí leis an gcineál sonraí ‘Slánuimhir’ a thuairisciú gan aon deachúil a úsáid agus beachtas atá coibhéiseach le haonaid á chur i bhfeidhm.
|
|